School: Doireadh (roll number 12946)

Location:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig Ó Heidhin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0166

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0166

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doireadh
  2. XML Page 0166
  3. XML “An tOileán Draíochta”
  4. XML “Toit Chonáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Toit Chonáin.
    Is minic a léightear faoi Chonán Maol, fear caithte na gcloch - ar a thréine is bhí sé i ndon a gcaitheamh agus ar a dhílse agus bhíodh sé ag seasamh don Fhéinn.
    Lá amháin lé linn do Chonán a bheith thíos ar an gCaorán in Iarthar Chois Fhairrge, in Iar Chonnacht, i gConndae na Gaillimhe, bhuail ocras é. Bhí sé ag fiadhach ar feadh an lae agus deamhan blas a mharbhuigh sé. Shuidh sé síos go lag bhrígheach chois na trágha agus thosuigh a smaoineadh. "A muise" ar seisean leis féin. "Dá mbeadh ordóg Fhiain agam anois ní bheadh orm acht í chur im bhéal agus bheadh a fhios agam cá mbeadh rud lé n-ithe lé fágháil agam".
    Shiubhail sé síos san gcladach agus bhain sé lán a phóca de bháirne agus lán an phóca eile d'fhaochain. Chuaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Colm O Maoil Eoin
    Gender
    Male
    Address
    Tóin an Chnoic, Co. Galway