School: Doireadh (roll number 12946)

Location:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig Ó Heidhin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0018

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0018

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doireadh
  2. XML Page 0018
  3. XML “Scéal an tSúiste”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal an tSúiste
    Bhí teach ann uair amháin agus an dream daoine do bhí sa teach ní raibh aon chreidheamh aca. Do bhí cailíní aimsire sa teach agus ní leigfeadh faitchíos dóibh a dhul taobh amuigh den doras ó thuiteadh an oidhche mar bhíodh rudaí síodhamhail lé feiceál thart timcheall an tighe.
    Lá amháin bhí buachaill aimsire ag dul thart agus thóg fear an tighe seo é lé obair a dhéanamh dhó. Aon lá amháin fuair na cailiní gann in uisge agus dubhairt siad leis an mbuachaill go dtiubharfadh siad coróin dó as ucht buicéid uisge a thabhairt isteach. "Muise" ar seisean, "is deacair coróin a shaothrú". Chuaidh sé amach agus is gearr go raibh sé ar ais agus an t-uisge aige. "An bhfaca tú tada" ar siadsan. "Ní fhacas" ar seisean, acht shiubhail duine in aonfeacht liom uaidh an doras go dtí an tobar agus ar ais arís". Fuair sé an choróin agus chuaidh sé chodhladh.
    Lár na bháireach dhubhairt an fear uasal leis an mbuachaill an sgioból mór do bhí in aice an tighe do ghlanadh amach. Nuair do bhí sé glanta amach ag an mbuachaill d'fhiafruigh an fear uasal dó an bhfaca sé tada. Dubhairt an buachaill nach bhfaca. "An raibh faitchíos ort" adeir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Peadar Ó Scannláin
    Gender
    Male
    Age
    24
    Occupation
    Mac feirmeora
    Address
    Tóin an Chnoic, Co. Galway