School: Doireadh (roll number 12946)

Location:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig Ó Heidhin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0015

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0015

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doireadh
  2. XML Page 0015
  3. XML “Nuair is Cruaidh don Chailligh Caithfidh Sí Rith”
  4. XML “Seán Buí Búrca”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    d'fhágháil agus bhíodar an-tsásta leó féin ag ceapadh go mbeadh féasta aca ar an gcaora. Nuair a bhiodar ag cainnt leó féin go meidhreach - agus ceap (an) searbhóntach an Rígh gur bé a comráidhthe fhéin a bhí ann lé caora na caillighe: "An bhfuil sí reamhar" adeir searbhóntach. Sgannruigh an bheirt mhac ar chlos na bhfocal sin dóibh agus ritheadar le na n-anam nó gur bhaineadar an baile amach. Nuair a tháinig siad go dtí an chailleach d'fhiafruigh sí dóibh cé mar d'eirigh leó agus d'innsigheadar an sgéal dí mar a thárla. Bhain sí as ins na fásgaí nó go dtáinigh sí chómh fada leis an roilig acht ní fhaca sí tada. Go dtí sin ní raibh sí i ndhon dul thar an táirsigh acht is fíor é an sean fhocal. "Nuair is cruaidh den chailligh caithfidh sí rith".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Seán Buidhe Búrca
    Ba fear gan fuacht gan faithcíos do b'eadh Seán Buidhe Búrca. Ba bhaintreabhach a bhí na mháthair agus ní raibh aici acht an t-aon mhac - sé sin Seán. Bhíodh sé an-tugtha do bheith ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Peadar Ó Briain
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cladhnach, Co. Galway