School: An Léim (roll number 11472)
- Location:
- An Léim Thoir, Co. Galway
- Teacher: M. Ó Dubhda
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Léim
- XML Page 007
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tháinig fear eile isteach agus b’é príomh-duchtuir an ríogh é agus dubhairt an draoí go raibh buachaill tinn sa teach. “Tá mé indon an buachaill sin do leigheasadh” ars an duchtúir agus chuaidh sé isteach san seomra ‘na riabh an buachaill. Nior bhféidir leis an buachaill do leigheasadh agus tháinig athair an buachalla agus dubhairt sé go raibh sé indon leigheas do tharbhairt ar gach galar.
Annsin dubhairt an draoí agus and duchtúir leis, “Tabhair leigheas do’n bhuachaill sin agus már rud é go bhfuil tú indon a leigheasadh béidh tú i do h-árd-dhuchtuir ag an rígh.” Sin é an rud ó’n bhfear. Thóg sé amach buidéal beag agus bhí uisge agus sméathraí ann. Thug sé do’n bhuachaill é agus d’fhan an triúir aca annsin go ceann úaire. Indiaidh an ama sin léim an buachaill as an leaba agus dubhairt sé “Tá mé ceart go leór anois, nil aon tinneas orm anois” Annsin thóg priomh-duchtúir an ríogh an fear go dtí an rí agus dubhairt sé “seo dhuit do dhuchtúir anois. Tá sé níos ná mise mar bhí sé indon leigheas do thabhairt do bhuachaill rud nach raibh mise indon a dhéanamh.”
Bhí athair an buachaill in a phriomh-duchtúir go lá a bháis.- Collector
- Roibeard Mac Donachadh
- Gender
- Male
- Address
- Letterfore, Co. Galway
- Informant
- Seamas Mac Donachadha
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Letterfore, Co. Galway