School: An Léim (roll number 11472)
- Location:
- An Léim Thoir, Co. Galway
- Teacher: M. Ó Dubhda
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Léim
- XML Page 090
- XML “Díol agus Ceannacht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní raibh na siopaí fairsing san áit seo. Bhíodh cúpla ceann i n-aice seapail áit a mbhéadh go leor daoine. Bhiodh siad ag diol plúir, coirce, tae agus siucra agus a lán rudaí eile.
Na daoine a bhíodh ag obair ag na siopadóirí sin bhíodh mála plúir le fághail aca gach oidhche Dé Sathairn agus muna mbeidís sásta leis sin bhíodh luach an mhála plúir le fághail aca.
Ag fir an bhóthair bhíodh mála plúir le fhágail aca freisin. Cheannóchadh punt an t-am sin an oiread is cheannóchadh cúig phunt anois. Ni thugaidís airgead ar bheithigh an t-ám sin mar ní raibh sé fairsing aca. Capall a thugaidís ar dá bheithidheach. Ní cheannuigheadh siad rud ar bith a bhéadh beo ar an Domhnach ma bhíod faitchios ortha go mbéadh mí-adh mór ortha.- Collector
- Micheál Ó Tuathail
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- An Léim Thiar, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Tuathail
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Léim Thiar, Co. Galway