Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
Pollagh, Co. Galway
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 246

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 246

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 246
  3. XML “Féilí na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    LÁ NODLAG
    Chuile dhuine in a suidhe go moch ar maidin agus imthighthe ag an gceud Aifreann. Dá dtiocfadh strainséar ag an teach ba mhaith le fear an tighe go mbead gloine poitín nu dhó le thabhairt dó. An doras bheith foscailte i rith an lae - go mór mhór i n-ám dinnéir. Teigheann daoine ar chuart ag a ngaolta Lá Nodlag.

    LÁ FEILE STIOPHAIN
    Theigheadh go leor daoine ag an Aifreann an lá seo fada, le mo chuimhne féin. Ní theigeann go leor ann anois. Ní deantar aon obair lá Feile Stiophain. Daoine nach ndeacha ag fiadhach aon lá eile sa mbladhain teigheann siad ag fiadhach an lá seo le madraib - cúití agus brocairí is mo a bhios aca. Teigheann cuid aca amach ag lamhac acht ní go leor é. Teigheann buacaillí óga thart leis an Dreoilín, cuid aca ag seinnm ceóil agus ag gabhail fhuinn agus ag damhsa ag cruinniú airgid agus iad gleásta neam coichianta agus aighte bréagach ortha. Bíonn an cuid is mo don áit saor an lá do le fiadhach ann le madaraí. Bhiodh na tighthe osta lán le sean daonaibh fada an lá seo ag ól agus ag imirt caírde. Lá mór é le cuairt , le ól, le fiadhach agus le damhsa agus ceol agus amhrainíocht go mór mhór san oidhche. Tá sceul ag na sean daonaibh annseo go raibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge