School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Fáirche
- XML Page 353
- XML “Éan an Cheoil Bhinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí iongnadh mór ar an triúr mac nuair chuala siad sgéal an riogh agus ghealadar dó go bhfuigheadh siad an t-éan dó da mbeadh siad indon é d'fáil. Maidin lá ar na bhárach d'imthigh an Rí agus an triúr mac go dtí an áit in a raibh an crann. Ba ghearr gur chuala siad an t-éan ag seinm. Chaitheadar tamall ag eisteacht. D'imthigh an mac ba shine agus shíl sé greim fháil ar an éan ach le preabadh na súile bhí sé imthigthe isteach fé bhun an chrainn. Fuair sé bosca mór. Cheangal sé rópa dó. Chuaidh sé isteach ins an mbosca. Dubhairt sé leis an mbeirt dearbhráthair é do leigint síos agus an rópa do tharraingt aníos nuair a ghlaodfadh sé ortha. Ba ghearr gur labhair sé thíos ins an bpoll “Tarraingigid aníos mé” Nuair bhí sé ar an mbruach dubhairt sé go bhfaca sé firín beag tíos agus casóg dhearg air agus píce ina láimh aige. Chuaidh an dara mac síos agus ba ghearr gur cualathas “Tarraingigidh aníos mé”. Nuair bhí sé ar an mbruach dubhairt sé go bhfaca sé firín beag agus píce ina láimh aige agus scannruigh sé é. Chuaidh an mac dobh óige síos agus chonnaic sé an firín beag ac níor thainig aon fhaitcíos ar an mbuachaill seo(continues on next page)
- Informant
- Bríghid Ní Fhloinn
- Gender
- Female
- Age
- 24
- Occupation
- Iníon feirmeora
- Address
- Dúráithe, Co. Galway