School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)

Location:
An Fhairche, Co. Galway
Teacher:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 437

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 437

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Fáirche
  2. XML Page 437
  3. XML “Fear na Coise Tinne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an tighe isteach "Ó" ars an bhean "Bhí fear na coise tinne agam ar ball agus thug mé an t-airgead dó D'innis sé dom go bhfaca sé Domhnaill agus go raibh culaith éadaigh ag teastáil uaidh. Thug mé an píosa breidín dó. "Ó ceard do rinne tú ar cor ar bith?" ars an fear "nó an bhfuil sé ibhfad imtighthe"? "Níl" ar sise Amac leis an fear inadhiaidh. Chonnaic fear na coise tinne ag teacht é agus chuir sé an capall isteach igclais gainimhe Chuaidh se amach ilár an bhóthair agus síos ar a ghlúnaibh leis. Nuair bhí an sean-fhear ag teacht ingar dó do ghlaoidh sé amach chuige a dhul síos ar a ghlúnaibh. "Tuige?" ars an sean-fhear "Go bhfeicfidh tú fear agus capall ag dul suas go flaitheas" Chreid an sean-fhear é agus síos leis ar a ghlúnaibh agus thosuigh sé ag guidhe Dé go duthrachtach. Ní raibh sé ibfad go raibh sé ina oidhche. Chuaidh an fear abhaile annsin agus dubhairt sé go mb' fíor dá mhnaoi. Sin é an bhail a chuir fear na coise tinne ar an tsean-fhear agus ar an tsean-mnaoi.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1540: The Student from Paradise (Paris)
    AT1541: For the Long Winter
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Shomacháin
    Gender
    Male
    Occupations
    Bádóir
    Feirmeoir
    Address
    Cill Bhríde, Co. Mayo