School: Clochar ar an bhFáirche
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá go leor áit beannuighthe agus tobar beannuighthe thart annsin. Tá cuid acu an-mhaith. Tá áit i mBaile Neonach Ulach Pádhraig a tugtar ar an áit sin. Deirtear nuair a bhí Naomh Pádhraig ag dul thart i gConnachta gur fhan sé cúpla lá ins an áit sin.Tá leac mhór ann agus tá poll ins an lic. Deirtear gur chuir Naomh Pádhraig a ghlún tríd an lic. Bíonn uisge ins an bpoll sin i gcomhnuidhe agus deirtear go bhfuil an t-uisge sin beannuigthe.Tá balla beag thart ar an lic. Tá cloch mhór ins an mballa agus tá crois ar an gcloich. Teigheann go leor daoine ann ag deanamh turas ón gcúigeadh lá déag de mhí Lughnasa go dtí an t-ochtaí lá de mhí Deire Fóghmhair. Fágann na daoine a theigheas ann bláthannna agus paidríní(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Mhainnín
- Gender
- Female
- Address
- Ceapach na gCapall, Co. Galway
- Informant
- Tomás Mac Mainnín
- Gender
- Male
- Address
- Ceapach na gCapall, Co. Galway