School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)

Location:
Dún Chaoin, Co. Kerry
Teacher:
Muiris Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 043

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 043

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Gobnait
  2. XML Page 043
  3. XML “An Fáinne Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí sí ag gol d'iarraidh é bhaint di. Sé an cleas a dhein sí ar deire ach ceirt a chasadh ar a méir. Nuair a tháinig an t-athair d'fiafruig sé dhi cad d'imthig airthe agus dúbhairt sí go raibh sí ag gearra blúire beag feóla agus go ngearr sí í féin leis an sciain.
    "Spáin (teasbáin) dom í," arsan t-athair
    "Ó! ní faic é," ar sise leis, beidh sí go maith amáireach".
    Bhí an ceirt ar a méir ar feadh tamaill ach dúbhairt an t-athair léithe ar deire go gcaitfeadh sí an meur do theasbáint do. Agus ansan nuair a chonnaic an t-athair an fáinne dúbhairt sé léithe go gcaithfeadh sí é phósadh.
    Dúbhairt sí leis ná deunfadh go bhfaigheadh sí culaith do gach saghas dath.
    D'imthig sé ag lorg an chulaith agus thug trí mbliadna agus trí lá amuig. An fhaid a bhí sé amuig, bhí siúinéir anaice leis an gcailin agus dhein sé satach di. Chuaidh sí isteach 'on t-sathach agus chuir an siúinéir tón agus ceann ann.
    Ansan scaoil sé leis an satach amach ar an bfarraige. Nuair a tháinig an t-athair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Leidhin
    Gender
    Male
    Age
    19
    Address
    Cloichear, Co. Kerry