School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)
- Location:
- Dún Chaoin, Co. Kerry
- Teacher: Muiris Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Gobnait
- XML Page 044
- XML “An Fáinne Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ní raibh an cailín lé fághail aige. Chuardaig gach áit ach ní raibh tásc ná tuairisg lé fághail aige airthe.
Bhí an sathach ag imtheacht amach ar an bhfarraige agus sa deire tháinig sé isteach i dtráigín beag.
Bhí fear a' tarrac gaimhnighe ar an dtráig agus nuair a chonnaic sé an sathach d'imthig sé chuige. Bhí rud ag glóruíl istig sa t-sathach agus d'imthig sé abhaile ag glaodhach ar thrúir fear eile. Thángadar go dtí an sathach agus dúbhairt an cailín istig an tón a bhaint breágh socair as an sathach.
D'imthig duine acu abhaile a' triall ar thuaigh agus bhaineadar an tón as an sathach.
Nuair a tháinig an cailín amach d'fhiafruig sí dóibh an raibh aon feirmeóir timcheall ar lorg cailín aimsire, agus dúbhradar léithe go raibh.
Thugadar go dtí an dtig í, agus d'fhiafraig an feirmeoir di cad a bheadh uaithe sa mbliadhain.
£17 ("seacht púint deug") ar sise. Agus bhí an feirmeoir sásta leis sin.(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Leidhin
- Gender
- Male
- Age
- 19
- Address
- Cloichear, Co. Kerry