School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)
- Location:
- Dún Chaoin, Co. Kerry
- Teacher: Muiris Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a thugadar fé abhaile nuair a chonnaiceadar cad a bhí tuitighthe amach mar mheasadar go raibh diablaidheacht éigin ag baint léi.
Nuair a chualaidh an muinntir thuaidh cad a thuit amach cad é gumh ná raibh ortha. Bhailbhigheadar lé chéile sluagh mór acu agus gach saghas cuaille acu seo chun Dún Chaoin iad chun sásaimh a bhaint de lucht an bháid.
Bhí an criú, nidh nach iongnadh, agus a lán eile sceimhlithe rómpa agus theichidís nuair a bhraithidís ag teacht iad. Is minic a chodluigheadar amuigh mar gheall air. Babhta thug an muinntir thuaidh turas ar an Muillean ar lorg Thaidhg Uí Shéaghdha. Ní raibh an fear a bhí uatha istigh. Ní raibh éinne istigh ach leanbh sa chliabhán. Níor shásaimh san iad agus leis an ngumh dheineadar an t-aingeal bocht leinbh a dhúnmharbhú.
D'fhan an mí ghnás, an t-olc, an gumh bruigheanta sa t-sráid-bhaile, an droch-amhras agus an droch-iontaoibh 'dir an dhá pharóiste ar feadh a bhfad, (agus fós ach gan é bheith chómh h-olc) agus leanfadh mara mbeadh fé mar deirtear an roth ag iompóghadh agus sin mar bhí age seo leis.(continues on next page)- Informant
- Labhras Ó Ciabháin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Baile na Rátha Thuaidh, Co. Kerry