Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Kerry
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lé tabhairt do ach "dinner, a shailiúr", núair a bheadh sé i n-am dinnéir, agus "to bed, a shailiúr", núair a bheadh sé i nam codalta.
Bhí an fear bocht ceapaithe cráidhte aige, agus chaitheadh sé imtheacht ag siúbhlóid do núair a theastuigheadh úaidh; ag coimeád cleachtadh don nduine úasal.
Aon lá amháin bhíodar ag siúbhal siar chun Mionán na Gráige , san áit go bhfuil na mílte troigh d'fhaill ós cionn na fairrge móire. Do bhúail smaoineamh Seán agus bhí sé ag faire ar a chaoi dtí go bhfuair sé an saighdiúir idir é féin agus an fhaill. Chómh lúath agus fúair sé an bhuntáiste thóg sé leis lé gúala agus níor chúalathas faic mar gheall ar an saighdiúir óshoin. Chúaidh Seán abhaile agus a chrodhe chun súaimhnis.