Scoil: Scoil N. Íde

Suíomh:
Márthain, Co. Kerry
Múinteoir:
Éamonn Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 168

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 168

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Íde
  2. XML Leathanach 168
  3. XML “Scéalta Púcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí sé tarrach ar Chlais na bPúcaí anois ach má bhí is gearr go gcualaidh sé na dhiaidh fé mar a bheadh duine ag rith agus saothar air agus slabhraí ar sílead leis ach ní fhéachaid sé aoinne. Bhí a chroidhe go dtí na bhéal anois aige mar bhí fhios aige nách aoinne cómhair a bhí ann.
    Is gearr go bhféachaidh sé na dhiaidh gadhar mór dubh agus slabhraí ar síleadh leis.
    Nuair a tháinig an gadhar suas leis do labhair an fear is dúbhairt, "Cad é an saothar atá ort-sa anois, a dhiabhail, nú cé'n fuadar atá fút."
    Do bhí an gadar ag imtheacht ó taobh taobh an bhóthair. Bhí eagla ag teach ar an bhfear anis agus dúbhairt sé go raibh sé chómh maith aige é féin a chosaint air mar gur dócha gu b'é an t-áirseóir a bhí ann. Thairg sé amach a phaidrín agus dúbhairt, "Dia idir me agus tú." Le na linn sin d'imtigh an madra as a radhacrc agus chuaidh sé abhaile.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Dhómhnaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Maoilchéadair, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Cinnéide
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    An Charraig, Co. Kerry