Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Kenmare, Co. Kerry
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kenmare (B.)
- XML Leathanach 513
- XML “An Bheirt Duine Uasal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nó cad is ainm duit?" "Is mise Tóin Leasc," ar seisean. D'fhág sé ina dhiaidh é. "H-é!" arsa Tóin Leasc, Is fearra dhuit mise a thógaint leat. Ní mise do ghiománach agus b'féidir go dteastóchainn uait ar ball". "Ó siubhlaig ort mar sin" ars' an duine uasal.
Níor chuadar ibhfad eile nuair a bhuail fear leath-chois ar a' mbóthar leo agus gach aon léim isteach agus amach thar claidhe le cois amháin. "Cia tusa?" ars an duine uasal leis. "Is mise Cos-fé-Chrios" ar seisean. D'fhágadar annsan é. "Hé" arsa Cos-fé-Chrios "Is fearra duit mise a thógaint leat. B'fhéidir go dteastóchainn ar ball uait". "Siúbhlaig ort mar sin", ars' an duine uasal.
Níor chuadar ibhfad eile nuair a chonnacadar fear istigh sa choill agus leagadh sé crann ar gach buille. "Cad na thaobh," ars an duine uasal "go bhfuil tú ag leagadh na coille ar fad?" B'fhéidir go dteastóchadh sí ar ball uait" ar seisean. "Tá go maith" ars' an duine uasal. "An raghad leat?" ars an fear "Siubhlaig ort" ars an duine uasal. "Ní raghad" ars' an fear "mar b'féidir gur feárr annso mé. Ach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál O hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dawros, Co. Kerry