School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An Br. B. L. Mac Eoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 497

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 497

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 497
  3. XML “Brian Mac Murchadha”
  4. XML “Captaoin Wynne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    chuir sé as seilbh iad. Annsan chuir sé a chairde fheín ina n-ionad. Do tóg sé scoil i gCill Urlaighe san blian 1837. Lá amháin chuaidh sé ag fiadach agus do marbuigead é. Ní raibh an scoil criocnuighthe nuair do marbhuigheadh é, agus b'é a mháthair a críochnuigh í. B'é sin an cead scoil a tógadh san ceanntar seo. Annsan taínig tigearna eile agus bhí sé ibhfadh nios deine ar na daoine ná mar a bhí Mach Murchadha. Chuir sé fear bocht as a seilb agus bhí ceathrar deág mar clann aige. Annsan dhóig sé na troscáin go léir agus an leaba beag déanta de admad a bhí ann igcoir an leinb bhig. Nuair a connaich duine des na póilíní é seo do bhí truag cómh-mór san aige don duine bocht gur cuir sé síos a rothalachán agus bhain sé a chulaith eadaig de agus d'fhág sé na poiliní ar fad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí an tigearna seo ina comhnaidhe inGleann Beithe darb ainm Captaoin Wynne. Do chuir sé na daoine bochta go léir as a gcuid seilbh mar níor fhéadadar an cios tróm a bhí ortha a dhíol. Ní raib aon t-slighe beatha ag na daoine sin mar tá Gleann Beithe an bocht agus ní ann ach carraigeacha agus sléibthe. Ní raibh aon tighthe ag na daoine sin an uair sin ach botháin beaga. Bhí Wynne cómh-dian san ar na daoine gur dhogadh sé gach bothán a bhí ann san bliain
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Síothcháin
    Gender
    Male
    Address
    Cahersiveen, Co. Kerry
    Informant
    Nora Uí Síothcháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Cahersiveen, Co. Kerry