School: Currach Beag (roll number 10721)
- Location:
- Coarha Beg, Co. Kerry
- Teacher: Máire, Bean Uí Dhrisceóil
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Currach Beag
- XML Page 010
- XML “Faill Gharbh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá an faill seo suidhte ar an dtaobh thúaidh d'Oileán Dairbhre in aice an túir. Fadó bhí fiolar in a chómnuidhe ann agus dhein sí nead agus bhí geárrcaigh óga aici. Lá amháin fhaid is bhí an fiolar amuigh ag soláthar dosna rudaí óga tháinig triúr fear go dtí an faill agus thógadar na gearrcaigh amach as an nead agus thugadar abhaile leó íad. Thugadar ceann aca do dochtúir a bhí in an chomhnuidhe i gCorrach Beag. Núair a bhíodh na íascairí ag teacht abhaile do leanadh an fiolar íad chun íasc d'fhághail. Caitheadh síad éisg a thabhairt dó mar bhí eagla ortha go marbóchadh sé iad. Oídche amháin do mairbh fear aca le currán. Do tugadh Faill Garbh ar an Faill sin mar tá sé ana dhían chun drapadóireacht.
- Collector
- Conchúbhar Ó Siochfhradha
- Gender
- Male
- Informant
- Diarmuid Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Aoire
- Address
- Coarha Beg, Co. Kerry