School: Currach Beag (roll number 10721)
- Location:
- Coarha Beg, Co. Kerry
- Teacher: Máire, Bean Uí Dhrisceóil
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Currach Beag
- XML Page 021
- XML “An Ghorta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear 'na chomhnuidhe igCorrach Beag in aimsir na gorta. Tomás Ó Concubhar abainm dó. Fear saidhbhir abeadh é agus bhí mórán chruithneachtain aige. Bhí sé ana chrúaidh ar a mhnaoi. Ní thabharfadh sé aon chruithneachtain di ach do béigin di dul go dtí an dtráig gach maidin cun bárnaig d'fhágail di féin. Do dhíolfadh sé an chruithneacht dos na daoine bochta. Annsan do raghaidh sé go dt tighthe na ndaoine mbocht agus má bhí sé ar a chumas dó ghoidfeadh sé uatha airís é. Oidhche amháin núair a bhí sé amuigh do tháinig triúr fear go dtí a thig féin agus do ghoideadar a chuid chruithneachtain. Do thugadar dos na daoine bochta é agus chuadar go h-America imblían 1846. Núair a tháinig an long isteach imbádh an Daingean chun na [daoine] a thabhairt go America gan aon airgead. Núair a fuair sé amach go raibh an chruithneacht imthighthe bhí sé ar buile. Fúair sé bás mí 'na díaidh sin mar ní raibh aon rud le nithe acht na bairnigh.
- Collector
- Seán Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Informant
- Mícheal Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Valencia Island, Co. Kerry