School: Currach Beag (roll number 10721)
- Location:
- Coarha Beg, Co. Kerry
- Teacher: Máire, Bean Uí Dhrisceóil
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Currach Beag
- XML Page 023
- XML “An Ghorta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timcheall naochadh blían ó shoin a thuit an sgéal seo amach.In aimsir na gorta do bhí fear agus a bhean in a'chomhnuidhe i gCúil. Ní raibh aon bidh le nithe acu agus chuadar araon ag priocadh báirneach. Chúadar amach ar charraig a bhí lán de bárnaigh. Do bhí fáinne ar an gcarraig agus do bhí sé ana fhuirist sleamhnúgha ann. Tháinig tonn mhór agus do scúab sí an bheirt acu amach sa fairrge. Do bhathadh an fear. Do bhí daoine ag feuchaint ortha ach níor féidir leó aon conghnamh a thabhairt dóibh mar bhí sé ró-gharbh. Do bhí an bhean ar bharr an uisge do dtí gur tháinig bád ó Cúas Cinné cuichi. Do shábháileadar an bean ach do bhí an fear caillte.
- Collector
- Seán Ó Fáile
- Gender
- Male
- Informant
- Mícheál Ó Mhurcadha
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Emlagh, Co. Kerry