Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Leathanach 105
- XML “Bruíon”
- XML “Galar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)daoine air Aonach lá 'le Dererca.
- Is mó sgéal do chualamair mar gheall ar daoine a gheibheann bás le galar nú breóideacht de shaghas éigint agus seo ceann a leanas.Bhí fear darb ainm Seán Ó Connaill ina chomhnaidhe i gCurrach Beag uair amháin agus an uair sin leis bhí galar i gCathair Saidhbhín agus lá amháin do chuaid ann go dtí aonach agus taréis teacht abhaile dúbhairt sé le’na mhuinntir go raibh sé breóidhte agus an lá na dhiaidh sin d’fan sé san leabhaidh.Nuair a bhí an tráthnóna ag teacht bhí sé ag dul in olcus agus chuireadar fios ar an ndochtúir agus thánaig sé agus dúbhairt sé leó go raibh an galar aige agus nárb fhearr an rud a dhéanfaidís ná fios do chur ar an sagart mar go raibh sé i mbéalaibh an bháis.An t-athair Cearní a bhí san oileán an uair sin agus do chuaid sé go dtí an tigh agus do chuir sé an Ola déanach air agus taréis san do chuaidh sé abhaile.Nuair a bhí an dochtúir agus an sagart imthighthe abhaile d’eirigh an fear níos measa agus timcheall meadhon(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Chapeltown, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Gairm bheatha
- Oibrí iarnróid (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Chapeltown, Co. Kerry