Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)

Suíomh:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Múinteoir:
Partolan Ó Gríbhthín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 108

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 108

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Leathanach 108
  3. XML “Galar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tímpall ceud blian ó shoin bhí galar tógálach tímpeall an Oileáin so, agus in aon thigh ina raibh sé ní raibh sé ní raibh aoine ag dul isteach ná inaice leis in aon chor.
    An uair sin ní raibh acht biadh bocht acu agus sin é an fáth go raibh an galar ag teacht chómh mhinic san ortha.
    Bhí na tíghearnaí talaimh chomh olc sin ná raibh na daoine bochta ábalta ar aon rud d’ithe ach é do dhíol i gcómhair airgid an cíosa.
    Le'n a linn sin bhí na daoine bochta ar a ndícheall chun é do dhíol mar bhí eagla ortha go mbeadh siad caithte amach as a mbotháin mar an uair sin bhí na daoine caithte amach gach lá agus iad ag fághailt báis leis an ocras.
    San am seo bhí bean bhocht agus a bheirt mhac 'na cómhnaidhe i gCuail agus thóg siad an galar. Bhíodar ar feadh tamaill breóidhte agus ní raibh aoine acu cun bídh d’fághailt dóibh acht a máthair. Ní raibh aon saghas bídh san tigh acht ag dul go dtí an tráigh chun bidh a phriocadh ann chun é do bheiriú agus é do thabhairt dóibh.
    Ní raibh sí ag déanamh an obair san i bhfad nuair a fuair an beirt mac bás agus níor chuaidh aoinne in aice an tighe. Ní raibh aoine ann chun iad do chur agus níor chuaidh aoinne ag déanamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Chúipéir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tinnies Lower East, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    73
    Gairm bheatha
    Pinsinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Coarha Beg, Co. Kerry