Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus cheapadar gur biotáile a bhí ann.
Do chuadar go dtí an faill agus bhí sé ag teacht an treó cucha agus níor dhein Seán aon rud acht a bhróga do bhaint de agus do thosnuigh sé ag snámh i dtreó an bhairrle.
Cheapadar go léir go raibh sé báidhte acht do thánaig sé i dtír saor leis an mbairrle, agus thugadar abhaile é. Nuair d'oscaileadar é cad a bhí ann acht geir agus annsan do thosnuig Seán ag déanamh coinnle.
Na giuerleidí a bhí aige ná píosa páipéir agus é déanta tímpeallach, agus snáth, agus nuair a bhíodh an geir leagtha do chaitheadh sé isteach san bpáipéar é agus bhíodh an snáth tríd.
Do lean sé ag déanamh coinnle ar feadh tamaill maith agus bhí gach aoinne buidheach dó mar ní raibh aon íle ann an uair sin. - Sa tseana shaoghal nuair a bhí túisgail na h-olla ag dul ar aghaidh in Éirinn bhíodh gach aoinne ag sníomh agus ag déanamh plainnín.Nuair a gheibhidís an plainnín thar nais arís ó’n(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Coarha More, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Coarha More, Co. Kerry