Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Geall le leath chéad blian o shoin ní raibh na dathanna á ndíol ins na siopaí fé mar atá anois agus dá bhrígh sin nuair a bhí aon rud cniotálta ag na sean daoine le snáth bán a bhí deunta as ollain na gcaorach aca féin b’éigean dóibh é dhathúghadh le rudaí a bhí as fás ins an páirceanna, ins na portaighthe agus ar na carraigreacha.An rud a bhí aca chun dathúghadh dhuibh do dheunamh bhí sé le fághail ins na portaighthe ‘s dubha a thugtaí air agus is é an rud céadna a bhíodh ag na scoláirí bochta chun bheith ag scrí leis.Do bhailigheadh siad é sin agus do chuireadh siad é ar an dteine ag beiriú agus tar éis tamaill ag beiriú chuireadh siad é ar thaobh na teine ar feadh cúpla lá nó mar sin agus dheineadh sé sin dath chómh maith le h-aon dath eile atá le fághail ag na daoine anois.An rud a bhí ins na páirceanna acu chun dath buidhe do dheunamh do beadh an gaosadán.Ins an Samhradh a gheibheadh siad é sin ag fás mar ní raibh sé ag fás san nGeimhreadh.Bhí rud eile acu chun dath donn do dheunamh, sé sin an rud a fásann ar na carraigreacha go mór mhór san Samhradh.Prioctaí ar dtúis é agus annsan deintí é do bheiriú agus annsan deintí an éadach do(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Chúipéir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tinnies Lower East, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Pinsinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Coarha Beg, Co. Kerry