Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uaigneach.
Ar an gcuma san bhí ceann i traigh an Stóir, agus caitheadh sagart gach ré seal imeasc na ndaoine le h-éadach mná air. Acht do rugadh air sa deire, agus chuireadh chun báis é agus loiteadar an séipilín.
Bhí na daoine bochta gan séipilín gan sagart. Sa deire tháinig ceann agus is imeasc na bfailltreacha a léigheadh sé an tAifirinn de gnáth ar an dtaobh thuaidh de'n oileán in áit ar a dtugtar "Fuithir".
Bhí sé ann lá amháin le'n sluagh daoine ag léigh Aifrinn in áit ar a dtugtar "Caisleán Árd". Bhíodar réidh chun dul abhaile nuair a chonnaic ceann de's na daoine spiaire i bhfochlach in aice le "Pluais na Robálaithe".
Bhí na daoine bochta i gcás annsan mar cheapadar go raibh alán díobh ann, agus go marbhóchaidís an sagart.
Acht le na linn sin phreab sé amach agus bhí sé ollamh chun pléir do chaitheamh nuair do thuit sé go tóin phoill. Bhí na daoine buidheach annsan mar bhí an sagart saor an uair sin, agus ó'n lá san amach níor léigh sé Aifreann in aon áit eile acht i gCaisleán Árd.- Bailitheoir
- Bríghid Ní Cuipéar
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tinnies Lower East, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Pádraigh Ó Chonaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Pinsinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Coarha Beg, Co. Kerry