Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chun é d'fághailt agus nuair a bhíodh siad ró lag chun dul treasna na bpáirceanna go dtéigheadh siad ann leis.Tá scéal eile ag na daoine go bfeiceann siad buachaill beag cos nochtuighthe le gruaig ruadh agus deirtear go bhfuil sé curtha i mBóthar na Cairte.Scríobhnóir:- Eibhlís Ní Loingsigh, Currach MórSgéalaidhe:- Tómas Ó Murchadha, Teihnibh
- Is é Fiadhach Meadhon mo áit dhuthais féin. Seo é an fáth go nglaodhtar Fiadhach Meadhon air mar bhíodh na sean-daoine go léir ag fiadhach ar na h-ainmhidhthe fiadhaine ann agus tá sí i lár an oileáin.Níl acht aon sean-duine i bFiadhach Meadhon agus tá sé sin ana mhaith chun scéalta d'inniseant mar gheall ar rudaí a thuit amach fadó.San t-sean shaoghal do bhíodh alán sean daoine ann agus bhíodar san ana mhaith chun scéalta d'inniseant acht anois táid imthighte ar shlíghe na fírne.Do bhí fear ann fadó agus do scríobh sé scéal mar gheall ar Fiadhach Meadhon agus d'iarr fear eile(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhurcadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Feaghmaan West, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Chapeltown, Co. Kerry