Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)

Suíomh:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Múinteoir:
Partolan Ó Gríbhthín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 224

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 224

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Leathanach 224
  3. XML “Gabha Láidir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí gabha darb ainm Séamus Ó Donnchada ina a chómhnaidhe i dTeinnibh in Oileán Dairbhre tímcheall céad blian ó thoin.
    Gabha ana láidir do beadh é agus toisg gurb é Séamus an ainm a bhí air "Séamus Gabha," a thugtaí air.
    Do dheineadh sé sleáin agus pící, agus sluaiste,a gus rannaibh d'aoinne a thugfadh an órdú dhó agus ní raibh sé ró dhaor ortha leis agus dá bhrí sin bhí na daoine buidheach dó.
    Ceann de muinntir an oileáin dob fhearr chun spóirt do beadh é agus bhí sé ana chliste leis.
    Do thagadh sluagh mór daoine chun na ceardcan gach lá fliuch chun bheith ag éisteacht leis an gcainnt a bhíod ar siúbhal aige.
    Deineadh sé claidhmhte leis dos na tincóntuighthe mar bhí siad ag teastáíl uatha chun a gcuid seilbh a chosaint ós na báíllibh agus is minic agus is minic a thugadh sé cabhair do's na feirmeoirí a bhí timcheall air.
    Cuaidh buachaill ó'n gceanntar suas go dtí Cuail lá amhain chun a chapall a thabhairt abhaile.
    Bhí an chapall pas beag fiadhain agus ní raibh an buachaill ábalta ar é stúireadh.
    Chuir sé an ceannrach air ar shlíghe éiginn, ach bhí an chapall ag léímrigh tímall na h-áíte agus do léim sé isteach i "bPoll Deiní air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Loingsigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Coarha More, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tinnies Lower East, Co. Kerry