Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)

Suíomh:
Tip, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Shíthigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 392

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 392

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port an Iascaigh
  2. XML Leathanach 392
  3. XML “Triúr Cailleach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí inghean aici. Ní dhéanfadh an inghean rud ar bith di agus bhí croidhe a mháthair briste aice. Ar deireadh bhí a mháthair tuirseach di agus bhíod sí ag guidhe chion (?) Dé gach lá go bhfágadh sí an teach. Acht níor fhág. Lá amháin thug a mháthair bualadh maith di. Bhí an cailín bocht ag caoineadh chómh h-árd gur dhún a mháthair an doras ar eagla go mbeadh na cómhursain ag éisteacht léithi. Ní raibh an doras i bhfad dúnta nuair a chualaidh an mháthair torann mar a bheadh duine ag bualadh ar an doras. Chuaidh an mháthair go dtí an doras agus d'fhosgail sí é. Nuair a d'fhosgail sí an doras céard a shiubhal isteach acht mac an rí. Nuair a chonnaic sé an cailín ag caoineadh bhí ionghadh mór air agus d'fhiafhruigh sé cé'n fáth a raibh sí ag caoineadh. Dubhairt an mháthair go raibh sí ag obair ró chruaidh agus gur thug sí bualadh maith di chun í a stopadh.
    Ní dubhairt an buachaill tada. I gceann tamall labhair sé leis an inghean agus dubhairt sé "Má's é sin an chaoi pósfaidh mise agus tusa." Nuair a chualaidh máthair an chailín é seo bhí áthas mór uirthi agus thug sí moladh mór do'n inghean. Annsin ghléas sí í agus chuir sí chun siubhail leis an mbuachaill í. Nuair a shroic siad teach an rígh bhí fáilte mór ag a mháthair rómpa agus thug sí go dí an párlus ab fhearr a bhí aici iad. Ní raibh síad i bhfad annsin gur innis an moc don mháthair an méid oibre a bhí sí indhán a dhéanamh agus bhí a mháthair an-tsásta. Tar-éis tamaill d'imthígh an mhathair as an seomra agus nuair a tháínig sí ar-ais bhí túirne agus brosna mór olainn léíthi. "Anois
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Dominic Ó Paidin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tip, Co. Mhaigh Eo