Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)

Suíomh:
Tip, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Shíthigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 457

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 457

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port an Iascaigh
  2. XML Leathanach 457
  3. XML “Fear gan Chiall”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó ná raibh aon chiall aige. Lá amháin bhí sé ag siubhal roimhe agus taréis cúpla míle a bheith siubhalta aige. Chonnaic sé fathach ag teacht fá na dheín. De réir mar bhí an fathach ag teacht i ngarr do bhí sé ag eirghe beag. Bhí sé gléasta i n-éádach an-mhaith.
    Labhair an bheirt lé na chéile agus dubhairt an fear gan chiall leis an bhfear eile go raibh sé an-bhocht agus ná raibh rud ar bith le déanamh aige acht imtheacht go áit go h-áit is ó Chondae go Condae ag iarraidh déirce. "O" arsa an fear eile is brónach an sgéal é sin " Is fear saidhbhir mise. " Tá i n-iomarca airgid agam agus tabharfaidh mé leath mo chuid airgid duit anois má's maith leat é." "Ní thógfaidh mé pighinn ó éinne" ars an fear gan chiall mar ní leanann an t-ádh airgead a gheibhtear mar sin. Má's mar sin is dóigh leat" ars an fear saidbhir ní bheidh airgead agat go deo."
    D'imthigh an fear saidbhir annsan agus tháinigh aithireachas ar an bhfear gan chiall faoi nár thóg sé an t-airgead. Acht bhí sé ró-mhall anois bhí an fear eile imthighthe as a radharc. Lean sé air
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Corcoráin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Mhoing Chríonna, Co. Mhaigh Eo