Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)

Suíomh:
Tip, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Shíthigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 402

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 402

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port an Iascaigh
  2. XML Leathanach 402
  3. XML “An tSeanbhean agus A Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sean-bhean in-a cómhnuidhe i dteach beag uair amáin. Ní raibh duine ar bith i n-aoinfeacht lei acht a mac. Lá amháin tháinic fear bocht go dtí a teach agus ní raibh istigh acht an tsean bhean féin. D'iarr an fear bocht gráinne plúir uirri. Níor leig an bhean uirri go raibh sí ag éisteacht leis chor ar bith. D'imthigh sí amach agus d'féach ar gach taobh di go bhfeicfeadhsí an raibh a mac ag teacht acht ní raibh. Annsan fuair sí bata móra ag chuaidh isteach in-a teach airís agus bhuail agus bhuail an fear bocht go dtí gur mharibh sí é.
    Tháinic faithchíos mór uirrí annsin roimh na daoine ar an mbaile mar chonnaic siad í ag cur an fhir boicht i bpoll agus bhí faitchíos uirri go n-innseócadh siad é seo do na póilíníbh.
    Fé chionn tamaill chuala na póilíní an sgéal agus bhí siad amuigh gach lá ag cuardú an tsean-fhir. Gheall siad chúig punt d'éinne a innseóchadh dóibh cá raibh an fear curtha.
    Lá amháin chuaidh an mac amach i n-aoinfeacht leis na póilíní agus thaisbeáin dóibh i n-áit i n-a raibh an sean-fhear bocht curtha. Fuair sé na chúig puint agus daoradh agus crocadh a mháthair. Sin é an baill a chuir a mac féin uirthi
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Phaidín
    Inscne
    Fireann