Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port an Iascaigh
- XML Leathanach 462
- XML “An Cat Draíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa tsean aimsir bhí rí i n-Éirinn. Rí an t-saidhbhir (?) do b' eadh é agus cheapfa ná beadh aon nídh ag déanamh imnidhe dho, acht ní mar sin a bhí an sgéal; bhí rud amháin ag baint codladh na h-oidhche dó.Bhí triúr mac aige prionnsai maite múinte a bhí ionnta. Lá amháin shíl an rígh go mba mhaith an rud a uadhacht a dhéanamh agus chuile rud a shorcrú mar go raibh se ag druidim suas i n-aois anois. Bhí faithchíos air dá bhfaghadh sé bás gan a uadhacht a bheith déanta aige go mbeadh sé 'na throid idir an triúr mac.An lá seo ghlaoidh sé ar a thriúr mac agus ar sé "ní fada mo sheal ar an saoghal so agus is feárr dom socrú a dhéanamh. Ní'l fhios agam cé agaibh a fhágfaidh mé an ríoghacht taréis mo bháis. Ní'l agam acht aon ríoghacht amháin agus ní maith liom é roinnt. Caithfidh mé gach réidhteact a dhéanamh an fhaid is bhéas mé beo. Déanfaidh mé an margad seo libh. Cuirfidh mé sibh triúr ar fud an domhain ag lorg mná agus an té a thugas an bhean is deise ós mo chomhair eisean a bhéas i n-a rí in mo dhiaidh. Acht éistighid arsa'n rí, ní mór do gach duine agaibh a bheith annso im chuideacht agus a bhean(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Mhaoldomhnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Tip, Co. Mhaigh Eo