Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port an Iascaigh
- XML Leathanach 437
- XML “Insna Siógaibh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhi fear ann fado agus bhi beirt mhac aige. La amhain agus iad ag ithe a ndinnear bhi siad go leir ag ithe acht an mac so. "Ceard ata ort ?" ars an t-athair. "Ta me tinn ar seisean ?" "Bhoil" ar seisean "tuigeann nach dteigheann tu a chodladh. Nior labhair an mac focal. "Bain diot anois agus teigh isteach sa leabaidh" ars an t-athair.
Bhi an mac seachtmhain sa leabaidh agus i ndeire na seachtmhaine d'eirigh se chom tanaidhe agus na h-aithneochadh einne e. Thainig na comharsain go leir ar a thuairisg agus mholadar seo agus mholadar siud do acht ce gur feachadh gach leigheas i n-diaidh a cheile ni raibh maith ar bith i n-aon cheann aca. Annsan d'aontuig na comharsain gur ins na sidheogaibh a bhi se. Chreid na daoine an uair sin go mbiodh na sidheoga i ndiaidh ghasuir bhreaghtha. Ba ghasur dathamhail an gasur seo agus bhiodar cinnte gurb iad na sidheoga a bhi a mhilleadh. "B'iad a mhil e gan amhras agus a d'fhag gan bhrigh gan anam e", a deiridis. Ni gadh a radh go raibh a mhathair Mairin beagnach as a ceill le bron agus imnidhe. Is ar eigean d'fead si neal codlata d'fhagail acht ag faire a maicin de lo is d'oidhche.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Maoldomhnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Tip, Co. Mhaigh Eo