Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)

Suíomh:
Tip, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Shíthigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 425

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 425

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port an Iascaigh
  2. XML Leathanach 425
  3. XML “An Bheirt Fhear agus an Cailín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt fhear i h-Éirinn fadó Bhí siad i n-a gcómhnuidhe sa teach céadna. Do thuit an bheirt aca i ngrádh le cailín a bhí sa chomharsunacht. Ní raibh fhios ag fear acu céard a dhéanfadh sé leis an bhfear eile chun go bpósfadh sé an cailín.
    Oidhche amháin dubhairt sé leis féin go marbhóchadh sé an fear seo agus go n-imtheóchadh sé maidin lair na bhárach go Sasana agus go sílfeadh chuile dhuine thart timcheall go raibh an bheirt aca inthighthe i dteannca chéile. An oidhche sin nuair fuair sé an fear 'na chodlad mhairbh sé é agus tharraing leis an corp agus chuir i bpoll portaigh e.
    Go moch láir na bhárach d'imthig leis go Sasana. Fuair sé obair annsan agus sgríobh sé go dtí an gcailín. D'fhan sé i Sasana ar feadh dhá bhliadhain agus i rith an ama san bhí sé ag sgríobh go dtí an gcailín. Annsan thainig sé abhaile agus phós sé an cailín.
    Bhí an bheirt aca an shásta agus bhí chuile ruid ag eirghe leo go maith. Aon oidhche nuair bhí siad dul ag cuartuaidheacht chuala siad caoineadh. Tháinig faitchíos
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Paidín
    Inscne
    Fireann