Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port an Iascaigh
- XML Leathanach 469
- XML “An Díleacht Bocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ba dhíol truaigh Seosamh bocht. Do bhí sé gan athair ná máthair acht é d'á thogáil ag colceathair leis, bean chruidh ná raibh cineálta lágach leis. Fá dheireadh d'eirigh sí chomh dian air gur cheap sé gho bhfágfadh sé annsan í agus a fhortún a chuardach amuigh ar an saoghal. Mar sin d'ealuigh sé tuitim na h-oidhche. Do shiubhal sé agus do rith sé go dtí go raibh céad míle curtha dhe aige dar leis. Do bhí sé ag eirghe tuirseach agus níor fhéad sé dul ní b'fhuide. Do bhuail fonn codalta é.
Do stad sé ag doras tighe móir. Luigh sé síos agus thuit a chodladh air. Do thosuigh sé ag brionglóid agus do tuigeadh do go rabhadar le na thógáil agus crónán a chur i n-a cheann nuair dúisigh se te gheit.
Do bhí an mhaidin ann agus bhí bean an tighe mhóir taréis an doras a oscailt agus an gasúr a fhágail ar an gcoiscéim. Do chrom sí síos agus do labhair sí go cneasta leis agus thug isteach go dtí an teine é. Do bhí páistí an tighe i n-a a suidhe fá'n an seo. Do bailigheadar timcheall ar an dileacht bocht. Bhaineadar cainnt as agus nochtiugh sé a rún dóibh. Ghlacadar truaigh do agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Maoldomhnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Tip, Co. Mhaigh Eo