Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 172
- XML “Scéal fá Chnoc Laoin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)féin agus ag n-a mhnaoi nuair a thainig sceala isteach go rabh an ceathrar déartharach báidhte ar áit atá annsin a dtugann siad "Oradóg" air. Bhí an buaidhreamh a bhí ann mór agus bhi a mathair mór amuigh ar na cnuic ag caoineadh agus ag sgairtigh ortha. Aon tráthnóna amháin thainig an ceathrar fhad leis an doras agus d'fiafraigh siad duíthe an rabh dadaidh bruithte aice? Agus dubhairt sí go rabh pota bréagh brachán ar an teine. Annsin d'fiafraigh siad duíthe an rabh salann air agus dubhairt sí nach rabh. Annsin d'iarr siad uirthi gan gráinín ar bith salainn a chur air nó nach dtiocfadh leobtha-san? a ithe. Rinne sí mar a d'iarr siad agus nuair a bhí an brachán bruithte d'ith siad a n-dothán de. Annsin d'fiafraigh sí daobtha ca n-áit a rabh siad nó a' rabh bealach a réidteach. Dubhairt siad go rabh siad i n-áit mhaith, nó i n-áit iad-san a bháitheadh nár fliuchadh bárriall? a mbróg agus nach dtiocfaidhe a dtabhairt arais mar dtágfaidhe Cnoc Laoin, gan lorg créfóige? a fhághail air, ón talamh. D'iarr siad uirthí gan níos mó buaidheartha bheith uirthi i n-a ndhiaidh nach bhfeicfide iad-san arís níos mó.
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Seaghain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94