Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 182
- XML “Scéal fá Chonall an Chró Bháin”
- XML “Scéal fá Fhear a Bhí ina Chónaí ar an Chríbhínn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Sceal fá fhear a bhí i n-a chomhnuidhe ar a' Chríbhínn.
Tá seal bliadhantach ó shoin bhí fear i n-a chomhnaidhe thuas ar a' Chríbhínn agus choinnighead sé cíonadh mór caorach. San am sin ní bhíodh ann ach Aifreann an mheadon[?] lae Dia Domhnaigh . Bhi sé na ghnás déanta aige a ghabhail 'na chnuic i dtólamh roimhe am Aifrinn. Aon Domhnach amháin d'éirigh sé go luath ar maidín agus chuir sé roimhis féin go mbéad sé amach as Fothar Fhraoich le ghabhail 'un Aifrinn. D'imigh sé agus chuaidh sé a ghéarradh a n-uile aithghiorra a ba ghaiste a bheirfead arais é. Shiubhail sé leis nó go dteachaidh sé anonn go dtí an áit a dtugann siad an droch-shruthán air. Ni rabh ann ach aon bhealach amháín a dtiocfadh leis a ghabhail nuair a thainig sé fhad leis an droch=shruthán. I gceart lár an bhealaigh sin bhí bean i n-a suidhe agus páiste óg i n -a hucht aice. Labhair sí agus d'fiafruigh sí dó ca rabh(leanann ar an chéad leathanach eile)