Scoil: Dooey (uimhir rolla 15657)

Suíomh:
An Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
M. Mac Amhlaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 173

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 173

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dooey
  2. XML Leathanach 173
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1. Nuair a bhíonn an ghrian dearg ag dul síos sin comhartha go bhfuil aimsear mhaith ag teacht.
    2. Nuair a bhíonn tuair-ceatha ins an spéir sin comhartha go bhfuil fearthainn ag teacht.
    3.Nuair a bhíonn an cat na shuidhe i-naice na teineadh bíonn gaoth mhór ag teacht.
    4. Cé bith bealach a bhíos an ghaoth ag séiseadh oidhche Shamhna sin an bhealach a bhéas sí ag séideadh ar feadh na bliadhna.
    5. Nuair a bhíonn mórán preachan thart fa'n áit sin comhartha go bhfuil sé ag dul a chur fearthainne.
    6. Nuair a bhíonn an ghaoth adthuaidh bíonn an aimsear iongantach tirim.
    7. Nuair a bhíonn mórán torman ag an fhairrge bíonn droch-aimsear ag teacht.
    8. Nuair a bhíonn an chorr-mhónadh fá ná bachtaí bíonn fearthann ag teacht.
    9. Nuair a bhíonn an cat ag sgríobhadh bíonn gaoth mhór ag teacht.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Mheallaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Raithnigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Mheallaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Raithnigh, Co. Dhún na nGall