Scoil: Dooey (uimhir rolla 15657)

Suíomh:
An Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
M. Mac Amhlaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 244

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 244

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dooey
  2. XML Leathanach 244
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal

    Bhí bean ann uair amháin agus an t-ainm a bhí uirthe Náince Monagal. Bhí mac amháin aici aus phos sé ar bhean.

    Bhí bean ann uair amháin agus an t-ainm a bhí uirthe Náince Monagal. Bhí mac amháin aici agus phos sé ar bhean. Bhí an bas ag teacht ar Náince agus nuair a bhí sí ag fághail bhais sgairt sí ar bean a mac fhad leithe agus dubhairt sí “tá dha lachain agus bardáil amuigh annsin agus tá mé dá bhfágail agat sa”. “Spréadh ort na mharbh me iad sin do na daoine a bhí na shuidhe leat nuair a bhí tú tinn.
    Dubhairt sí annsin, “tá péire planncod ins an bhosca sin agus nuair a gheobhadh mise bas cuir an planncoid seo orm ins an choinéar”. “Is mo atá siad a dhith orainn fhéin na ar do chuid sean crámha sa”, arsa an bhean. Dubhairt sí mur gcuirfidh se na plannchóid orm bíodh me olc díobh.
    Fuair Náince bas agus cuireadh na planncoid uirthe. Bhí fear comursan agus bhí sé iongantach bocht. Ní rabh rud ar bith aige. Oidhche amháin d’imthigh sé leis go dtí an uaidh leis na planncoid a bhaint do Náince.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1791: The Sexton Carries the Parson
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Chanain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Brighid Ní Chanain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    40
    Seoladh
    Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall