School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 230
- XML “An Cliabh Cáinte agus Mac A Bháird”
- XML “An Bheirt Dearthárach, Pádraig agus Mícheal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do ghaothsáin i dtóin an mhadaidh. Ó, bó! bó!” arsa’n Chliabh Cháinte, nuair atá an gasúr comh cliste sin goidé mar chaithceas Mac a Bháird é fhéin a bheith agus mar sin de is fearr domh é fhágail ins an áit a bhfuil sé. Nuair a chualaidh Mac A’ Bháird an scéal seo dubhairt sé leis an ghasúr go dtabhairfeadh sé a inghean do le pósadh.
Pósadh an bheirt aca cupla lá ina dhiaidh sin agus bhí mise thiar faoi’n tábla ag ithe na gcnámh.Maighread Ní Chinnéide, Cró Phádraig, Clochán Liath, TírchonaillSgéalaidhe: Seán Ó Cinnéide, Cró Phádraig, Clochán Liath. 63 bliadhan - An Bheirt Deartbhárach, Pádraig agus Mícheal.
Bhí beirt deartbhárach ann fada ó shoin. Chuaidh siad go hAlbainn. Dáta goirid ama indiaidh dul go hAlbainn fuair Mícheal bás agus bhí Pádraig buadhartha i gceart indiaidh bás Mhíchil.
Chuaidh sé isteach ag sagart agus dubhairt sé leis an tsagart go dtabhairfeadh sé punt do dá gcuireadh sé Mícheal na bFlaitheas. Dubhairt an sagart ar ndoighe go gcuirfeadh. Chuir an sagart air a ríbin, léigh sé tamall agus dubhairt le Pádraig go raibh sé ar an bhealach na bPlaitheas. Thug Pádraig cúig scillinge do. Leigh an sagart tamall eile “Seo,” arsa Pádraig. “Maith go leor,” arsa an sagart agus dubhairt sé le Pádraig go raibh sé leath-bhealaigh na bhFlaitheas. Thug Pádraig cúig scillinge(continues on next page)- Collector
- Niall Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Na hAgalla, Co. Donegal
- Informant
- Niall Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Na hAgalla, Co. Donegal