Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 125

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 125
  3. XML “Triúr Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí lánamhain ann fad ó shoin agus ní raibh de mhuiríghín aca ach triúr mac. Ní raibh aca ach spleotán beag de talamh ghortach agus ar an adhbhar sin bhí siad bocht sa t-saoghal.
    Lá amháin, nuair a tháinic na mic 'un méadaidheacht' dubhairt an fear a ba' sine aca go raibh seisean ag imtheacht a shaothrughadh a chodach. D'iarr sé ar a mháthair lón bídh a dheanamh réidh do. D'éirigh sí agus rinn sí dhá tuirtín, ceann beag, agus ceann mór.
    Nuair a bhí sé réidh le himtheacht chuir an mháthair ceist air cé aca a b'fhearr leis an tuirtín beag agus a beannacht, ná an tuirtín mór agus a mallacht. Dubhairt sé leithe gur b'fhearr leis an tuirtín mór agus a mallacht. Fuair sé mar d'iarr sé.
    Thug sé leis an tuirtín mór agus a chonairt agus d'imthigh sé leis i mbéal a chinn. Shiubhal sé leis ar aghaidh go raibh an neóin bheag agus deireadh an lae ann,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Domhnall
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall