Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 207

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 207

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 207
  3. XML “Is Giorra Cabhair Dé ná an Doras”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí baintreabhach ann uair amháin agus ní raibh de chlainn aici ach aon mhac amháin. Bhí siad ionganach bocht- go bocht leis a' deoir, agus ní raibh de bhólacht aca ach sean-bhó.
    Lá amháin ní raibh an ghreim bídh faoi chreataí an toighe aca agus d'iarr an mháthair ar Sheaghan an t-sean-bhó a thabhairt leis 'un aonaigh agus í dhíol. Ar maidin lá thar na mharaigh d'éirigh Seaghan le scairt an choiligh , thug a cuid do'n bhoin agus d'imthigh leis.
    San am sin ní raibh na bealaigh móra comh fairsing agus tá siad anois agus b'éigin do Seaghan a ghabhail aithghiorra na gcnoc ag tarraingt 'un aonaigh. Nuair a bhí sé amuigh i lár na gcnoc chualaidh sé glór ar a chúl ag scairtigh leis. D'amharc sé thart agus chonnaic sé diúlach beag nach raibh móran méide ann. Chuir sé ceist ar Seaghan an raibh sé ag gabhail a dhíol na bó agus dubhairt Seaghan go raibh cinnte.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Dubhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Anagaire, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Gráinne Ní Dhubhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Seoladh
    Anagaire, Co. Dhún na nGall