Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 54
- XML “Murchadh Buí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Murchadh BuidheNí raibh Murchadh Buidhe ach deich mbliadna nuair a cuireadh ‘un Lagáin é ‘n-a luspairt leinbh. Bhí sé lán óg le ghabhail imeasc na gcoimhthigheach dá mbéad ceart le fághail ach caidé ‘n neart a bhí air. Bhí sé ar thús teaghlaigh agus muirighín lag anuas uaidh. Iad ‘n-a gcomhnaidhe i gcró bheag, dhiblighe ar screabán ghortach. Dúil sa ghloine ag an athair agus dúil sa tae ag an mháthair agus beagan dúil ann a gnoithe ag ceachtar aca.
Rinneadh réidh an tachran bocht i dtús an gheimhridh agus cuireadh le comharsa bhéal dorais go margadh an tSráth-Báin é. Rinn sé fastá ar an deich a’s punnta ó Shamhain go Bealtaine, agus bá bocht an tuarasdal é go cionn shé mí.
An chead maidín b’eigean do éirghe ar an chuig ‘a chlog agus cuireadh amach a obair ‘n-a troscadh é. Bhí sin cruaidh i gceart ar ghasúr cosamhail le Murchadh, gasúr a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall