Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 49

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 49

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 49
  3. XML “Liam na Sopóige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Liam na Sopóige
    Bhí gabha ' na chomhnaidhe i n Éirinn fad ó soin darb' ainm Liam. Ní raibh aige ach é féin. Ní raibh de sháidhbhreas aige ach cathaoir, crann ubhall, bosca adhmaid agus an cheardhcha.
    Bhí sé iongantach tugtha don ól. Lá amháin bhí sé ag gabhail thart le teach tabhairne agus dar leis gur dheas an rud gloine biotailte ach ní raibh oiread agus pighinn ruadh aige."Ach" ar seisean, "níl a dhíth orm ach scilling amháin agus dhíolfainn mé fhéin leis an diabhal dá dtabhairfeadh sé scilling amháin domh a gheobhadh gloine uisce bheatha domh a fliuchadh mo bhéal."
    D'amharc sé thart ar an talamh agus chonnaic sé scilling 'na luighe ag n-a thaoibh. Chuaidh sé isteach agus cheannuigh sé gloine uisce bheatha.
    Chuaidh sé 'na bhaile annsin agus cé bhí istoigh roimhe ach Naomh Peadar agus capall leis le cruitheacha a fhágháil air. Thoisigh an gabha agus ní raibh sé bhfad ná ghearr go raibh na cruitheacha ar an chapall aige.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Liam na Sop (~74)
    Innéacs seanscéalta
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Anna Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Niall Ó Domhnaill
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall