Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 147
- XML “An Gé Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Gé ÓirDo chomhnaidhe lánamhain sa cheanntar seo seal tamaill ó shoin agus bhí triúr mac aca. Bhí beirt aca 'n-a mbeirt de bhuachaillí ábalta, cruaidhe gasta agus ní raibh 'san fhear eile ach díofrach beag bocht nach raibh a chosnamh féin ann. Ba carpantóireacht an chéard a bhí aca le na mbeatha a shaothrughadh.
Lá amháin dubhairt an mac a ba sine go raibh sé ag gabhail 'n-a coilleadh a bhaint adhmaid agus d'iarr sé ar a mháthair tuirtín beag aráin a dheanamh do. Rinn sí sin do agus líon sí buideal fíona agus chuir sí leis fosta é.
Ar an bhealach 'n-a coilleadh casadh gasúr beag, bocht bratógach air agus ocrach 'n-a chuma. "Nár chóir go dtabharfá cuid de bhfuil sa mhála domh" ar seisean, "tá ocras agus tart orm".
"Maise, chá dtabhairim" ars' an fear eile "tá sé uilig a dhioghbhail orm féin" agus...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Domhnaill
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall