Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 427
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
- XML “Tairngreacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Fadó bhí buachaill óg ar aimsir ag fear saidhbhir.”
Fadó bhí buachaill óg ar aimsir ag fear sadhbhir. Lá amháin chuaidh an buachaill isteach i seomra an fir. D'osgail sé leabhar mhór agus tháinig an t-aidhbheirseóir aníos tríd an mbórd. Tháinig an fear isteach. "Seachain thú féin" ar seisean. "Ó sgaoil aníos é" ars an buachaill. Thosuigh sé 'gá bhualadh. "Ó tá tú gar a bheith marbh aige." " Ní h-é ar bhuail sé orm a rinne tada a chur as dhom ac an muinghin a bhí as Dia aige".Scéal
“Bhí fear an-bharrinneach agus níor mhaith leis rud ar bith a chailleadh.”
Bhí fear an-bharrainneach agus níor maith leis rud ar bith a chailleadh. Níor tháithnig leis a raibh a bhean a chaiteadh d'airgead agus de bhiadh. Lá amháin dubhair a máthair leis " feicfidh tú féín go mbainfidh mise putóg aiste". D'imthigh an fear amach. Leag an t-sean-bhean a béile ag an mnaoí óig. "Ith do sáith anois" ar sise "agus ní call duit mórán ithe agus é ag féachaint ort." Nuair a bhíodar ag ithe arís níor it an bhean óg móran. "'S dócha" ars an fear gur bhfior duit é nuair dubhairt tú go mbainfeá putóg aistí."- Nuair a thiocfas an Cogadh Creidimh go h-Éirinn ní rachaidh sé níos fuide siar ná an t-Iomaire Ruadh, (?) líne sléibhte atá idir Cruach Phádhraig agus Cathair na Gaillimhe. 'Sé an áit a dtiubharfar an cath(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16