Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 458
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear i n-a chomhnuidhe in Inbhear fadó darbh' ainm Pádraig Ó Conra.”
13.
Bhí fear i n-a chomhnuidhe in Inbhear fadó darbh' ainm Pádhraig Ó Conra. Bhí sé bocht - gan teach ná talamh aige. Cailleadh a bhean go goirid tar éis dóibh pósadh. Ní raibh le déanamh aige annsin ach imtheacht ag iarraidh na déirce. Ní raibh aon achar gabhtha aige nuair a tháinig sé go dtí teach mór bréagh. Ní raibh gothadh boichteannais i ngar ná i ngaobhar dó. Chuaidh se isteach go dtí an doras agus fosglaigeadh láithreach dó é. 'Sé fear an tíghe a d'fhosgail é agus nuair a chonnaic sé an droch éadach a bhí ar Phádhraig dubhairt sé "is garbh Gaedhalach í do chulaith. Ach "má's garbh riabhach is fearr ná'n t-iasacht". Thug sé obair dó agus togha an éadaigh i n-a theannta. D'fhan sé tamall maith ag fear an tighe agus ar feadh an ama sin ní fhuair aoinne aon locht air. Nuair a bhí sé ag imtheacht thug an mháighistir pota mór óir dó. Tháinig sé ar ais go h-Inbhear annsin agus chaith sé an chuid eile d'á shaogha[il] ann. Sul a bhfuair sé bás chuir sé an pota óir síos fá chloich. Tá fiche carraig thart uirthí - ceann i n-aghaidh gach bliadhain dár chaith Pádhraig ag saothrughad an airgid. Tá sé ós cionn céad go leith bliadhain ó cuireadh ann é. D'fhéach athair mór Shéamuis Uí Chadhain, atá i n-a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Maithnín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe