Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 616
- XML “Filí”
- XML “An Gorta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Filí (ar lean)
“Bhí fear eile amuigh i gCorrnamóna a bhí indan amhrán a dhéanamh freisin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)a rinne sé:-Thug me liom é go dtí Tom Sheáin suas
Nár chaith a gceárdcha ariamh ach mí
Chuir sé deis dhom air atá chomh láidir
Le nach bhfuil cliseadh i n-dán do
Go deireadh an t-saoghail.
Chuir sé loiseach airgid ar áit mo láimhe
Agus cóta iarainn ar an gcuid eile síos.
Bhí an-mheas ar Thomás Ó Cadhain agus bhíodh sé ag déanamh amhráin d'aos óg an bhaile chuile oidhche.- Fadó bhí níos mo daoine ‘san áit seo má tá anois mar cailleadh go leór acu i m-ainmsiul an droch shabhail. ‘Sa’ mbliain 1846 lobh na fataí go leír ‘sna poill agus ní raibh aon fhataí síl ag mo daoine. An chéad bhliain eile lobh na gasacha agus bhí faitíos ar mo daoine mar fhataí a chuir mar síleadar.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Faisnéiseoir
- Maoilsheachlainn Ó hAllmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe