Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé bullán cloiche na bhaclainn a bhí timcheall lé seacht gcéad méadhcaint agus chuir sé ceangailte sa talamh í agus tá sí lé feiscint go dtí an lá indiu.
Do bhí fear ar an gClochán Dubh uair dárd ainm do Séamus Bácaoir. Ana ghaisgeach dob eadh é agus théigheadh sé go dtí talamh An Éisg ag iascach. Níor bhuail aon fhear riamh leis chuirfheadh síos é. Aon lá amháin bhuail gaisgeach leis agus theastuig uaidh go raghadh sé ag leagadh lé Séamus. Seo chun a chéile aid agus ní fhéadfadh aon duine aca bogadh ná sádh bhaint as an bhfear eile.
Annsan tháinig driofúr Shéamus ag cabhrú leis. Dúbhairt sí lé Séamus druidim amach uaithe agus gurbí féin an bhean do.
Seo chun a chéile iad agus leag sí ar cnámh a dhroma an gaisgeach. Phrioc sé leis go tapaidh agus ní fheacfhaidh aoinne fé dhéin na dúthaighe san amach é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ghairbhíghe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamas Ó Laoí
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fheothanach, Co. Chiarraí