Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 107
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lé pósadh. Mac d'fheirmeóir mór ó Pharóiste Fionntrágha do b'eadh an fear. Istigh ins na tigthe déinti na daoine a phósadh san am sin. Bhi cuireadh fachta ag na cómharsain agus bhíodar ag dul go dtí an bpósadh nuair d'iarr duine aca ar Sheán Mas Gearailt an raghadh sé ar an bpósadh. "Ní raghadh a dhalta" arsa Seán. "Stróinséar ar an mbaile iseadh mise agus ní h-aon chuideachta do dhuine stróinséar mar mise".
Nuair a bhi na daoine imthighthe go tigh an phósta d'ullmhuigh Seán é féin. Nuair a chuaidh sé go tig an phósta nior d'aithn aoinne é. Bhí an fear óg agus an bhean óg ag cainnt lé chéile.
Nuair a b'fhonn lé Seán an Sagart a bheith ag teacht d'éirigh sé as a shuidheachán. Chaith sé trí ghrainne cruithneacht ar an dtalamh. Dhein cearc agus coileach dhóibh. Chaith sé grainne eile chúcha. Do bhí an coileach chun é phriocadh nuair a bhuail an cearc é. Ciach ort b'olc an ceart duit é sin a dhéanamh liom. Labhair sé arís Mise mac Dátha Mac Gearailt go raibh mórán ba dúbha agus mórán ba breaca againn, suidh annso a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ghairbhíghe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Ghairbhíghe
- Inscne
- Fireann