Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 147
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)don Loingseach dúbhairt sé go raibh an méid sin
déanta aige, agus cad a dhéarfadh sé anois. Dúbhairt
an Conchúbhrach leis gan aon chráidheacht bheith air go
dtúbhradh sé leis go Americá é ar shlighe éigni, go
gcuirfeadh sé i bhfolach fés na seólta é agus ná beadh
fhios ag aoinne é bhéith ann no as. Ní h-olc an
cuimhneamh é sin arsan Loingseach.
Dheineadar amhlaidh agus nuair a bhíodar i
ngiorracht lá seóil do Americá ann san dúbhradar
lé na chéile go raibh sé chómh maith acu cuimhneamh
ar sheift éigin eile anois. Chuimhnigh an Loingseach
ar phlean agus dob é an plean é ná raghadh sé i
ndiaidh an árthaigh ag snámh agus gan dearmhad
do dhéanamh ar a rádh leis an gcaptaoin árthaigh
go raibh fear na dhiaidh ag snámh agus é i ndeire
na feide. Dhein sé amhlaidh agus thóg an
captaoin ar bórd é. Nuair a shroiseadar Americá
do bhí captaoin ghá rádh leis na h'aoinne níor
gheall ar an snámhaidhe a shnámhaidh ó Éirinn go
nAmericá. Tháinig na sluaighte ag feuchaint
air agus dhein an captaoin airgead an domhain
ar gach éinne thagadh ag feuchaint ar an snámhaidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mhaeleóin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán Dubh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Maeleóin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Clochán Dubh, Co. Chiarraí