Scoil: Scoil N. Íde

Suíomh:
Márthain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Éamonn Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 151

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 151

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Íde
  2. XML Leathanach 151
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a chuaidh sé suas go dtí Mám Chlasach chonnaic sé díreach shuas san árd an bhean agus bús thobac aice á bhaint as phíp. "Tán tú annsan a cailín" ar seisean, agus ní h-aon maitheas dhom teicheadh mar bheidh tú am dhiaidh chómh maith.
    Bhí sí ag déanamh air go sharóchadh sí é. Nuair a tháinig sí i ngiorracht do shín sí an phíp chuige. Rug sé ar an bpíp agus thosnuig sé ag tarrach gal aisti agus ag bogadh leis. Seadh bhíodh sí i gcómhnaidhe ar thaobh don bhóthar a shárú, shín sé an píp chúici agus dúbhairt "beannacht dé let anam agus lé h-anam do mharbh. Bhuail sí na béal í agus bhí sí ag baint gal aisti.
    Shín sí tharnais an píp chuige. Tóg sé í agus bhaint tarrac eile aisti, "seo do phíp a bhean" ar seiseann agus beanacht Dé let anam agus lé h-anam do mharbh. Ní raibh aon mhisneach ag teacht annsan do, bhuail sí na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Nic Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Muiris Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann